Ná déan deifir chun imeacht as a láthair agus ná bíodh lámh agat in aon drochghnó; cibé é ní is toil leis, is é a dhéanann sé.
Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”
Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.
Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
An coileach ag starrfach i measc na gcearc, an pocán, taoiseach an tréada, agus an rí [ag aitheasc] a phobail.
Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.
Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána; is geall le féithleog iarainn do mhuineál, agus tá clár d'éadain ina phrás.