Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 8:2

An Bíobla Naofa 1981

Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.

Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”

Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí.

Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir.

Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.

Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;

ach nuair a tháinig na daoine chomh fada léi, [cé go raibh an tsaithe imithe,] níor chuir aon duine lámh chun a bhéil, le heagla an mhionna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí