Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 7:7

An Bíobla Naofa 1981

Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.

Glacann an t‑urchóidí breab faoi scáth brait, leis an gcóir a chur dá treoir.

Buachloch breab dar le fear a bronnta; ritheann leis cibé slí a chasann sé.

Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.

Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.

Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m'intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.

Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.

An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

Ní bheidh suaimhneas i ndán duit i measc na gciníocha seo ná aon sos do bhonn do choise; fágfaidh an Tiarna suaitheadh ar do chroí, tuirse ar do shúile, agus gearranálaí ort.

Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”

Dúirt Áicís lena shearbhóntaí: “Féach, tá an fear seo as a mheabhair! Cén fáth ar thug sibh chugamsa é?

Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí