De bharr a chuid eagna is láidre an t‑eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.
Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh, agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.
Is fearr an críonna ná an tréan, fear na gaoise ná fear [an ghaisce].
(Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach.
Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó,
Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.