Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 7:16

An Bíobla Naofa 1981

Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.

Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.

Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”

Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine, agus ná bain le [breis bhradaigh].

Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.

Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn.

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,

Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach!

Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;

Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”

Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’

Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.

Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d'Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach

De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis.

Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.

agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.”

i dtaca le díograis chreidimh bhí mé i mo ghéarleantóir ar an Eaglais, agus i dtaca le fíréantacht dhlithiúil bhí mé gan cháim.

Agus ná ligigí d'aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n‑aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.

Tá gan amhras, cuma na heagna orthu lena gcuid forchráifeachta agus uirísleachta agus cránas coirp, ach ní fiú biorán iad chun an chollaíocht a shrianadh.

Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.

Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí