Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 7:14

An Bíobla Naofa 1981

Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

“Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar;

“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.

Is méanar dom go raibh mé do mo chrá; ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.

Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an bhogaigh; chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.

Bíonn an t‑amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d'aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh.

Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.

Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.

Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.

Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?

tráth goil, tráth gáire, tráth caointe, tráth rince,

Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.

Mar níl a fhios aige céard a tharlóidh; agus cé hé ar féidir dó a insint dó conas a bheidh an scéal?

Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.

A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.

ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

Nach ó bhéal an Té is Airde a thagann an t‑olc agus an mhaith?

Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d'ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,

Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”

ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”

Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.

“Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n‑iolmhaitheasaí,

D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.

Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.

An bhfuil aon duine in bhur measc ag fulaingt? Guíodh sé. An bhfuil lúcháir ar dhuine éigin? Gabhadh sé duan molta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí