Cóheilit 7:10An Bíobla Naofa 1981Ná habair: “Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?” Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur. Féach an chaibidil |
Dúirt Gideón leis: “Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d'inis ár n‑aithreacha dúinn, á rá: ‘Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?’ Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.”