“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,” ar sé ansin, “agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.” D'fhreagair seisean: “Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.”
Ansin dúirt sé: “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.” D'fhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.”
Thug Iacób móid ansin á rá: “Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh,
Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.
nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -