Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).
uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.”
duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar.
Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.