Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.
Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.
Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí.
Agus cibé ar bith ní a shantaigh mo shúile, níor choimeád mé uathu é ná níor cheil mé aon phléisiúr ar bith orm féin. Is ea, go deimhin; bhain mé taitneamh as mo chuid saothair go léir agus is mar sin amháin a cúitíodh mo dhua uile liom.
D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.
Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní.
Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.
An té a ghráíonn an t‑airgead ní bhíonn a shá de aige choíche agus an té a ghráíonn an saibhreas ní bhfaighidh sé aon sochar as - baois is ea é seo chomh maith.
“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.
“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.
Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”
Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.