Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 4:5

An Bíobla Naofa 1981

Snaidhmeann an t‑amadán a lámha ina chéile agus ní bhíonn an rath air.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn, Agus rachaidh mé sa seans leis!

Fónann an fial dó féin; ach goineann an duine cruálach é féin.

Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin; ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach.

Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.

Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.

An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan?

Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.

Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise, agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí