Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 3:20

An Bíobla Naofa 1981

Téann siad go léir go dtí an áit chéanna; is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad uile ina luaithreach arís.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Mhair Ísmeáél céad agus a tríocha seacht mbliana. Ansin chuaigh sé in éag, tháinig an bás air, agus cruinníodh chun a mhuintire é.

Chuaigh sé in éag agus tháinig an bás air i bhfómhar a sheanaoise agus é ina sheanduine fadsaolach agus cruinníodh chun a mhuintire é.

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”

Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic; Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?

Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.

Níl súil agam ach le Seól mar bhaile, Agus bualadh fúm sa dorchadas.

Ach ar leag mise lámh riamh ar na boicht Agus iad ag glaoch ag lorg fóirithinte óna dtubaiste?

Gheobhadh gach feoil bás, Agus d'fhillfeadh an duine ar an gcré.

Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal, Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.

Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.

Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe

sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh?

Dá mairfeadh duine míle bliain faoi dhó ach gan aon rath a theacht air nach dtéann an bheirt acu go dtí an áit chéanna?

Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin.

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí