Cóheilit 3:19An Bíobla Naofa 1981Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní. Féach an chaibidil |
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.