Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.
Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí.
Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.
Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.
Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,
Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá.
seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin.