“Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. “Táim gan mac,” ar sé, “a choimeádfadh cuimhne m'ainm beo.” Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.
“Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m'athairse agus d'athairse. Féach tá bronntanas óir agus airgid á chur agam chugat. Téigh agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríochasa.”
Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.
Thug Solamh iníon Fhorainn ó chathair Dháiví go dtí an teach a thóg sé di, mar dúirt sé: “Ní chuirfidh mo bheansa fúithi i dteach Dháiví, rí Iosrael, mar tá na háiteanna inar tháinig áirc an Tiarna naofa.”