Dúirt sé leis an bhfear: “De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol.
Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”
Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.
agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.
D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.
Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.
ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”