Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh.
D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.
Agus cé aige a bhfuil a fhios an mbeidh seisean ina shaoi nó ina dhaoi? Ach mar sin féin is faoina chúram sin a bheidh toradh an tsaothraithe go léir a rinne mise chomh cliste sin abhus faoi luí na greine. Baois is ea é seo leis.
Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?
Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.
Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.
Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.
Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.