Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 2:17

An Bíobla Naofa 1981

Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”

Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!

Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?

Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.

Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.

D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.

Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo.

Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t‑aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine.

Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill.

Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.

Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine - baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.

Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.

Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.

Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí