déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.”
Arsa mise liom féin mar sin: “Más í cinniúint an daoi mo chinniúntse freisin, cad chuige go mbeinnse chomh heagnaí sin ar fad? Cén tairbhe dom é?” Agus is é a dúirt mé: “Baois is ea é seo chomh maith.