Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 2:11

An Bíobla Naofa 1981

D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.

Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?

D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.

Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.

Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.

Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?

Cén tairbhe a bhaineann duine as an dúthracht a chaitheann sé lena chuid oibre?

Nuair a mhéadaíonn an saibhreas tagann méadú ar líon na gcaiteoirí freisin. Mar sin de cén tairbhe é don té ar leis é ach lán a shúl a bhaint as?

Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge.

Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.

Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí