I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.
Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht!
Chum sé trí mhíle seanfhocal, agus ba mhíle agus a cúig líon a dhuanta.
Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:
Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.
Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.