Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.
Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”
Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?
Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.