Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 12:7

An Bíobla Naofa 1981

sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.

Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”

Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha, Ach luífidh sé leis sa chré

Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.

Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.

Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.

Do do láimhse a thiomnaím m'anam, óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.

Déanann tú deannach arís den duine á rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”

Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.

Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”

Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”

“Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,

Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.

Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”

agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,

Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí