Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 12:3

An Bíobla Naofa 1981

nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith agus na fir láidre cromtha síos; nuair a stadann na meilteoirí mná den obair de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann; nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”

Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.

nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile; chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.

ar dheartháir liom nó cara; mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar, bhí mé crom le cumha.

Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu de dheasca mo dhíchéille féin.

Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís i gcearnóga Iarúsailéim; beidh bata ag gach duine díobh ina láimh de dheasca a sheanaoise.

Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí