Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”
Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.
Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.
Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.
“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.
Nuair a luaigh sé áirc Dé, thit Éilí siar dá chathaoir ag an ngeata; briseadh a mhuineál agus fuair sé bás, óir bhí sé aosta, trom. Bhí daichead bliain caite aige mar bhreitheamh ar Iosrael.