Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d'óige, sula dtaga na drochlaethanta, agus go ndruide blianta na seanaoise leat, a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;
Táim ceithre fichid bliain d'aois anois; an n‑aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí?
Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.
Dá mhéad bliain dá maireann duine baineadh sé taitneamh astu go léir, agus cuimhníodh sé gurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann. Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!
Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.
agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”