mil, gruth, caoirigh, cáis agus daimh, go Dáiví agus a lucht leanúna le hithe. “Mar,” a dúradar, “tá ocras agus tuirse agus tart ar an slua san fhásach.”
Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.
“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.
Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.