Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 10:2

An Bíobla Naofa 1981

Casann croí an tsaoi deiseal agus croí an daoi tuathal.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta; cuireann baois na mbaoth daoine amú.

Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n‑amadán.

Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?

Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.

Bíonn an t‑amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d'aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh.

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé.

Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

Agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí