De dheasca na leisce tugann an maide mullaigh uaidh; nuair a bhíonn na lámha díomhaoin, bíonn braon anuas sa teach.
Údarás is dual don láimh bhríomhar; ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.
Tógann an [eagna] teach di féin, ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin.
Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin, agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.
Is mian linn, áfach, go dtaispeánfadh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcrích.