Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 10:11

An Bíobla Naofa 1981

Má bhaineann nathair greim as duine sula gcuirtear faoi dhraíocht í, ní bhfaighidh an mealltóir nathrach aon táille.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”

d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.

Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna, ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.

Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.

Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.

Is ea, cuirim chugaibh anois péisteanna agus nathracha nimhe nach ngéilleann d'orthaí; bainfidh siad greim asaibh - an Tiarna a labhraíonn - [a bheidh gan leigheas].”

Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.

ach ní féidir d'aon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí