Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?
Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.
Má bhíonn píosa feola coisricthe á iompar ag duine i bpóca aráin nó le hanraith nó le fíon nó le hola nó le bia ar bith, an mbíonn sé sin coisricthe freisin?’ ” “Ní bhíonn ná coisricthe,” d'fhreagair na sagairt.
Dúirt Hagaí ansin: “Duine atá neamhghlan toisc gur bhain sé le marbhán, má bhaineann sé le haon cheann acu sin, an mbíonn sé sin neamhghlan?” “Bíonn go deimhin,” dúirt na sagairt, á fhreagairt.