Cóheilit 1:17An Bíobla Naofa 1981Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe. Féach an chaibidil |
Is amhlaidh a d'fhéach mé de thoradh mo chuid machnaimh le mo chorp a shásamh le fíon ach go mbeadh m'intinn do mo stiúradh le barr eagna; bhí mé tar éis an amaidí a ghabháil chugam féin chomh maith le súil go bhfeicfinn céard ab fhearr do dhaoine a dhéanamh le linn gearrthéarma a saoil abhus faoin spéir.
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.