Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.
Chuir Ióáis rí Iosrael scéala ar ais go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhithe allta na Liobáine an feochadan a shatailt faoina gcosa agus iad ag gabháil thar bráid.
Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.
Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’