Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 9:49

An Bíobla Naofa 1981

Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad.

Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt.

Ach dúirt an dris leis na crainn: ‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’

Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”

ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d'ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: “Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.”

Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí