Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 9:4

An Bíobla Naofa 1981

Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”

Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.

Síol gan uaisleacht gan mheas, Scriosadh iad as an tír.

Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún; níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.

Bladhmairí is ea a fáithe, fir lán fill; truaillíonn a cuid sagart nithe naofa agus sáraíonn siad an dlí.

Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d'fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail

Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.

Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia.

Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.

Lucht anó agus gátair, agus fiach, agus aon duine a raibh gearán aige, chruinníodar go léir chuige, agus bhí sé mar cheannaire acu. Bhí timpeall ceithre chéad fear ina theannta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí