Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.
Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.
Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”
Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.
“Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.
Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”
Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: “Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.”