Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”
Agus dúirt Gideón: “Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.”