Ghabh sé fear óg de mhuintir Shucót, agus cheistigh é agus scríobh seisean síos dó ainmneacha taoisigh agus seanóirí Shucót, seachtar seachtód ar fad.
Agus shroich Iacób Sucót agus thóg teach dó féin agus rinne sé scáileáin dá airneis; uime sin a fuair an áit an t‑ainm Sucót (Scáileáin).
Ansin d'fhill Gideón mac Ióáis ón gcath trí Mhám Heireas.
Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”