Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d'arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.
Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.
Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.
Ghabh na hIosraelaigh dhá chéad míle dá ngaolta, mná agus mic agus iníonacha; ghabh siad a lán creiche uathu chomh maith agus thug siad an chreach leo chun na Samáire.
An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.
Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa).
Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé.
ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir.
Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a d'fhéad claíomh a láimhseáil iad go léir.
Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.
Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.
Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: “Taibhríodh taibhreamh dom,” ar sé; “féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.”
Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.