Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: “Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?” Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh,
Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.
Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D'fhiafraíodar den rí: “Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?”
Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis.