Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 7:9

An Bíobla Naofa 1981

I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’ ”

I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,

Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó,

Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”

Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”

Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.”

agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D'fhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”

Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím.

Dúirt sé leo: “Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.” Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.

Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús,

Thóg [Gideón] a raibh de chrúscaí agus d'adharca ag an bpobal, agus chuir sé na hIosraelaigh eile go léir chun siúil, gach duine go dtí a bhoth féin, gan ach an trí chéad a choimeád aige féin. Bhí longfort Mhidián sa chom laistíos de.

Ansin dúirt Iónátán: “Féach, rachaimid anonn go dtí na daoine seo, agus ligfimid dóibh sinn a fheiceáil.

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí