Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 7:6

An Bíobla Naofa 1981

Ba é líon na ndaoine a leadhb lena dteanga ag cur a lámh lena mbéal, trí chéad fear; chuaigh an chuid eile go léir ar a nglúine ag ól an uisce.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair; agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin, ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.

Thug Gideón síos go himeall an uisce iad agus dúirt an Tiarna: ‘Gach duine a dhéanann an t‑uisce a leadhbadh lena theanga, dála an mhadra, cuir i leataobh é; gach duine a théann ar a ghlúine ag ól, cuir ar an taobh eile é.”

Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí