Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 7:4

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad fear agat fós. Tabhair go himeall an uisce iad agus déanfaidh mé iad a chur ar a dtriail ansiúd duit. Má deirim faoi dhuine: ‘Tá sé seo le dul i do theannta,’ téadh an té sin i do theannta. Agus má deirim faoi dhuine: ‘Níl sé siúd le dul i do theannta,’ ná téadh an té sin i do theannta.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.

Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

Ní neart a shlua a thugann bua do rí; ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.

Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha. Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m'fhíréantachta agus de réir an ionracais atá ionam.

Thug Gideón síos go himeall an uisce iad agus dúirt an Tiarna: ‘Gach duine a dhéanann an t‑uisce a leadhbadh lena theanga, dála an mhadra, cuir i leataobh é; gach duine a théann ar a ghlúine ag ól, cuir ar an taobh eile é.”

Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”

Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí