Tabhair an fógra seo dá bhrí sin don phobal anois: ‘Téadh aon duine a bhfuil scéin nó eagla air, abhaile.’ ” Chuir Gideón ar a dtriail iad: chuaigh fiche míle abhaile agus d'fhan deich míle.
Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: ‘An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.’
Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”
Chuir sé teachtairí ar fud Mhanaise go léir chomh maith agus d'fhreagair siadsan é. Chuir sé teachtairí go hÁiséar, go Zabúlun, agus go Naftáilí agus amach leo sin chuige chomh maith.