Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”
Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d'fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: “Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.”
Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile.