Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 7:13

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: “Taibhríodh taibhreamh dom,” ar sé; “féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.

Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d'fhuascail seisean Iosrael freisin.

Ach rug Iáéil bean Heibir ar phionna botha, thóg tuairgnín ina láimh, agus dhruid leis go socair; thiomáin sí an pionna isteach ina uisinn go ndeachaigh sé i dtalamh agus é ina luí ansiúd ina chodladh de bharr a thuirse. Sin mar a d'éag sé.

“Rachaidh mé leat, más ea,” ar sí, “ach ón tslí ina bhfuil tú ag dul ina bhun, ní hé do ghlóirse a thiocfaidh as, óir tabharfaidh an Tiarna an lámh in uachtar ar Shíseará do bhean.” Ansin d'éirigh Deabórá ina seasamh agus d'imigh go Ceidis i dteannta Bhárác.

D'fhreagair seisean: “A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m'athar.”

Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.

D'fhreagair a chomrádaí: “Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.”

Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d'arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí