Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 6:9

An Bíobla Naofa 1981

d'fhuascail mé sibh ó láimh na nÉigipteach, agus ó láimh lucht bhur ngéarleanúna go léir: dhíbir mé romhaibh iad, agus thug mé daoibh a gcuid tailte.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas; agus a mhuintir thofa le gártha áthais.

Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh.

Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’

chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh;

agus dúirt le clann Iosrael: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Thug mé Iosrael aníos as an Éigipt agus shaor mé sibhse ó chumhacht na nÉigipteach, agus na ríochtaí go léir a bhí do bhur gciapadh.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí