Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 6:6

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.

A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.

Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.

Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]

Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”

An deoraí in bhur measc rachaidh sé céim ar chéim os do chionn, agus tusa céim ar chéim níos ísle.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: “Pheacaíomar i d'aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.”

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.

Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d'ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

Nuair a ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna de bharr Mhidián,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí