shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal.
D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin.
Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.
ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
“Dá dtiocfadh robálaithe chugat nó sladairí san oíche - cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! - nár leor mar shlad acu a ndóthain féin? Dá dtiocfadh lucht bainte caor, nach bhfágfaidís caora díolama?
Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.