Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 6:3

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d'ionsaídís iad;

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

ach thug Abrahám tabhartais do chlann a leannán chomh maith agus lena linn féin chuir sé chun siúil iad ona mhac Íosác, soir i dtreo na tíre lastoir.

Chuaigh Iacób ar aghaidh agus tháinig sé go dtí tír mhuintir an Oirthir.

Bhí clann Iosrael chomh maith cruinnithe agus lón acu agus ghabhadar amach ina gcoinne. Shuigh clann Iosrael a gcampa os a gcomhair agus iad mar a bheadh dhá thréad bheaga gabhar ann, ach an dúiche go léir ar snámh le hArámaigh.

Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte.

Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.

Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar; Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!

Ansin tháinig Amailéic agus d'ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.

Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.

Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann: “Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht mar bhia do do naimhde. Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona ar chaith tú do shaothar leis.

I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna: “Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar, scriosaigí clann mhac an oirthir!

Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;

dá bhrí sin uile, tabharfaidh mé suas thú mar ghabháltas do mhuintir an oirthir. Suífidh siad campa istigh i do lár agus cuirfidh siad fúthu ansin; íosfaidh siad do thorthaí agus ólfaidh siad do bhainne.

ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.

Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.

Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.

na Síodónaigh, Amáiléic agus Midián, nuair a rinne siadsan cos ar bolg oraibh agus gur ghlaoigh sibh orm?

Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.

Luigh Midián go trom ar Iosrael. Bhain clann Iosrael feidhm as pluaiseanna sléibhe agus uaimheanna agus daingin chun teacht slán ó Mhidián.

Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil.

shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal.

Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.

Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d'arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí